Gabrielle Aplin

Airím (Uaim) Thú

Gabrielle Aplin

LETRA

Airím (Uaim) Thú Letra

Céard atá ar siúl agat (mar sin)?
‘Mé ag dúiseacht liom féin an saol foirfe liom
An bhfuil tú mar a chéile?
Abair é más maith leat ach níor mhaith liom an teolas
Beidh, beidh an t-am curtha amú gan sásamh ón aidhm
Céard atá ar siúl agat (mar sin)?
‘Mé do do chuartú aréir ach ní tú a bhí ann
An bhfuil tú mar a chéile?
Ag ceapadh go bhfuil tú níos fearr leat féin
Ní fhaighim, aon fhaoiseamh nó éalú ó d'aghaidh
Do ghrá ann i ngan fhios dom is mé mar

A stór airím tú
An t-aon rud geallta fúm
‘Mé ag filleadh ar ais go luath ní scaoilfear leat go deo
Ó airím tú Leithscéalta ag dul amú
‘Mé ag filleadh ar ais go luath ní scaoilfear leat go deo
Ó ní scaoilfear leat go deo

So céard atá ar intinn?
Ag suí leat sa gcarr is tú leath déanta liom
Ag rá nach raibh fadhb
Mar is fada an lá ó bhí tú ar mo shon
Gan mhairg, tú ag glacadh le deireadh na ndeor ag clúdach m'aghaidhe
Ach anois airíonn tú mo chroíse, is mé mar

A stór airím tú
An t-aon rud geallta fúm
‘Mé ag filleadh ar ais go luath ní scaoilfear leat go deo
Ó airím tú Leithscéalta ag dul amú
‘Mé ag filleadh ar ais go luath ní scaoilfear leat go deo
Ó ní scaoilfear leat go deo

‘mbeidh tú liom i gcónaí?
‘mbeidh tú ar mo thaobh?
Is duine mar thú is do ghrá atá de dhíth
‘mbeidh tú liom i gcónaí

Comparte si te ha gustado